School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmucadha
- XML Page 021
- XML “An Mharthain”
- XML “Paidir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gan aithne gan easba a coise ná láimhe. Marthainn Phádhraic is rádh i nGaedilge se gurbé mo lean gan í ag fearaibh Éireann. Mar a mbeadh aige acht na trí pearsannaí deireannaí déidheannacha go dtógfadh sé ó chathúghadh an diabhail go Flaithis Dé thú. (a chríoch)Tá seacht bpaidreacha le rádh leis an mharthainn a chur do dhuine.
- Paidir.
A Mhuire Mháthair a mháthair Rí na n-uball nach agat atá na grástaí go bráthach nach rachaidh ar gcúl.
Ó thárla mise ar lár is gur chaill mé mo lúd go dtugaidh tú go Parrthas mé san áit a bhfeicfe mé tú.A mhic an gcloiseann tú an gleó atá i na ndiaidh go mór sa ngleann
Ná bíodh faitchíos ort a mháthair sábhála ár n-athair sinn. Go mba dún daingin an dún a bhfuil muid ann. Go mba sluagh dall an sluagh atá i na ndiaidh sa ngleann agus go mba sluagh sídhe an sluagh atá romhainn. A Árd-Rí an domhain ós tú a fuair an eochair go sgara tú do chochall tarainn. Ámhén.
Nuair a thiocfas tú chuig Crois an Mhisinéir abair:- Umhluigim dhuit a Chrois, beannuigim dhuit a Chríost go gcuiridh tú ar mo leas mé go dtaga mé annseo arís.- Collector
- Colm Cartuir
- Gender
- Male
- Informant
- Seóirse Cartuir
- Gender
- Male