School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmucadha
- XML Page 050
- XML “An Gorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An GortaAg mo athair a chuala mé an seanchus seo, agus chuala seisean ag a shean-athair é mar bhí sé beó le linn an ghorta.
Tháinig oidhche mhór sneachtadh faoí Fhéile San Seáin, agus nuair a deirigh na daoine ar maidin bhí dath dubh ar na barrannaí.
D'fág na daoine na fataí amhlaidh go dtí an fóghmhar a bhí chugat agus ní raibh fata beó ins an talamh mar a raibh corr áit annseo agus annsiúd.
Tháinig an dubhachan ar na fataí an dara bliain freisin acht an té a chuir fataí an tríomhadh bliain bhí toradh faoí céad orta. Fataí a bhíodh ag na daoine ar gach béilidhe a chaithidís an uair sin.
Nuair a lobh na fataí agus nuair nach raibh aon fata ag na daoine béigin do na daoine a gabhail ag iththe brochán min bhuidhe.
Bhí Sasanach i na chomhnuidhe thíos i n-Doire an Fiaidh agus bhí siopa beag aige.
Na daoine a bhíodh ag teacht isteach agus amach sa siopa ag ceannacht cuid do na rudaí a bhíodh dhá ndíol ann thug sé cupla chloch min bhuidhe dóib le cabhrúghadh leó.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní hOibicín
- Gender
- Female
- Address
- Cinn Mhara, Co. Galway