School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 230
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 230
- XML “Carr Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Carr Sí (lth 230/231)
Tá sé ráite go mbíodh carr sí I dTír an Fhia, baile atá mile ó dheas den óilean seo agus go dtagadh sí chuile oiche thimpeall a haon dhéag amach chomh fada leis an droichead atá scaradh Tir an Fhia agus Leitir Móir ón na chéile. Dath dearg a bhí urthi ó bhun go barr. Nuair a thaghadh sí go dtí an droichead mhúchadh sí a cuid soilse agus ní raibh fhios ag aon duine cá dréigheadh sí. Deanadh ‘Bus’ a bhí uirthi.
Bhí sí le feicáíl I gcaitheamh an tSamhradh 1937. Tháinig sí chomh fada le teach I dTír an Fhia I Mí Iúil seo caite agus bhí sé amach san óiche nuair a tháinic sí agus bhí muintir an tí ina gcoladh.
Tháinic beirt fhear go dtí an doras agus bhuail said air. Dairaigh bean an tí an torann agus d’éirigh sí agus d’oscail sí an doras. D’iarfaigh sí de dhuine acu céard a bhí uaidh. Dúirt sé go raibh sé ag iarradh cailín aimsire ‘Ní bhfaigh tú ceachtar de mo bheirt ionionsa’ ar sise mar tá said ag teastail go géarr uaim fhéín.
Leis sin d’imigh said. Dá gcastaí duine den charr ar an mbóthar diompóidh sí dubh agus dá mbreathnócaidh sé ina dhiadh arís bhíodh dath dearg uirthi
Nuair a thagadh sí amach as radharc na leice scalladh sí ar an mbaile uilig. Chonaic muintir na Leice ar fad I oiche amháin agus shileadar gur gluaistean a bhuail faoin droichead agus gur dóghad an ola innte...(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Confhaola
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Maighréad Nic Donncádha
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- An Máimín, Co. Galway