School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal faoi oileán atá in Árainn.Deirtear go bhfuil oileán in Árainn agus go dtriomuigheann sé in éadan gach 'le seachtmhadh bliadhain.
Aon uair amháin tháinig bád aniar ar an bfhairrge agus bhí beir[t] fhear innte. Stad an bád agus dubhairt duine aca leis an duine eile aire a thabhairt do'n bhád go ndeargóchadh sé a phíopa. Dhearg sé a phíopa le splainnc agus chaith sé an splainnc amach sa bhfairrge. Thriomuigh an t-oileán ar an nóiméad. Tharraing siad an bád suas ar an oileán agus chuaidh siad istea[ch] idteach. Bhí bean ag siubhal ar an urlár an t-am seo. "Nach breágh an bhean mise" adeir sí. "Is breágh muise" adeir seisean. "Nach breágh an bhean mise," ar sise, "Is breágh muise adeir seisean. "Nach breágh an bhean mise", adeir sí arís. "Is breágh muise, bail ó Dhia ort" adeir sé "Ó a chladhaire" adeir sí "is dona a chruthuigh tú nár dhubhairt tú é sin i dtosach. "Tá mise annseo le fada" adeir sí "agus tá mé faoi dhraoidheacht annseo, agus tá mé ag fanacht go dtógfhaidh duine eicínt an draoidheacht dhíom". D'imthigh an draoidheacht de [!] annsin agus thug sí leabhar do'n fhear agus dubhairt sí leis gan é a fhosgailt go ceann seacht mbliadhna. Nuair a chuaidh se abhaile bfhada leis go nosglóchadh sé é agus faoi cheann cheithre bliadhn[a] d'osgail sé é agus léigh sé gach a raibh ann. 'Na dhiaidh sin ní raibh aon dochtúr cnámha chomh maith leis ach dá bhfanfa[dh] sé go mbéadh na seacht mbliadhna thuas ní bheadh aon dochtúr ar an domhan chomh maith leis.(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Chonfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Stiopán Mac Fhualáin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway