School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 276
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.Bhí buachaill óg in a chomhnuidhe i gConamhara fadó agus ní raibh mórán céille ag mo dhuin[e] bocht.
Chuala sé cainnt ar Ghaillimh go minic agus dar leis féin cheap sé go mba cheart dhó fhéin a dhul ag breathnú ar an mbaile mór.
Amach leis í gcoca féir agus rinne sé súgán-seic dhó fhéin agus chuir sé ar a chapall é agus bhuail sé fhéin a' marcuidheacht uirthi agus thug sé a agai[dh] ar Ghaillimh.
Níor bhfhios dhom c'én t-achar a chaith sé ar an mbealach, ach shroich sé an baile mór uair éigin san lá.
Ar nóigh bhí mo dhuine bocht iongantach agus [?] na tíghte móra a chonnaic sé agus sheas sé suas ar an mbóthar ag breathnú in a thimcheall.
Ba geárr go dtáinic gárda agus tug don bhóthar é as an mbealach.
Chuir sé an chapall isteach í stábla éigin agus chuaid sé isteach í siópa.
Chonnaic sé crúsgaí móra ann agus d'fhiafruigh sé don bhuachaill siopa céard a bhí ionnta. "Uibheacha capaill," arsa an buachaill siopa ag(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Confhaola
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Seósamh Mac Coisdealbha
- Gender
- Male
- Age
- 32
- Address
- Eanach Mheáin, Co. Galway