Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. Galway
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 403](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_403.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 403
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 403
- XML “An Gadaí Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)phoinnte gaduidheachta agus gurbh é sin an "Gaduidhe Dubh." Dimthigh leis agus ghlac sé a bhuidheachas do'n athair is do'n mháthair agus chuaidh sé go dtí an Gaduidhe Dubh. Bhí sé féin is an Gaduidhe Dubh seacht mbliadhna ag imtheacht le chéile.
Bhíodar lá 'na suidhe ar thaobh cnuic tamall ón mbóthar agus chonnacadar fear agus caora aige ar an mbóthar. Bhí rópa aige uirri ceangailte dá muineál agus é ag tiomáint na caorach roimhe. "Meas tú," adeir an Gaduidhe Dubh leis an mbuachaill, Jack a bhí air "an mbeiteá i ndon an chaora sin a ghoid ón bhfear atá ag dul an bhóthair.
"Tá fhios agam" adeir Jack nach bhfuil stróbh ar bith orm í a ghoid uaidh." D'imthigh le Jack agus bhí péire nuadh bróg air. Bhain sé na bróga dhe agus rinne sé aithgiorra roimh an bhfear a raibh caora aige. Líon sé ceann do na bróga le salachar agus leag sé i lár an bhóthair. Ní fhaca fear na gcaorach Jack chor ar bith. D'imthigh Jack sgathamh maith ó'n áit 'nar fhága sé bhróg shalach agus d'fhága sé i lár(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Thnúthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Thnúthail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. Galway