School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 076
- XML “An Caper”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Molaim féin an caper do thogha rabh fear in Éirinn
Ó siúd í an cailín ba spéireamhla dhá rugadh ariamh san áit
An lá a ndeacha muid dhá Shéanadh bhí an baile tré'n a chéile
B'fhearr liom-sa i gCeann Léine nó 'mo cléireach i gCaisleán. Bhí siad as Ceann Léine ann is anuas ó Chnoc a' Néifinn
Bhí siad ó na sléibhte ann is anuas as Inis Meadhon
Bhí togha na ndaoine móra ann ag breathnú ar an spóirt ann
Is bórd breágh leagtha anuas ann is cead óil ag fearaibh Fáil.Bhí an teach seo socair sásta le damhsa is Plé-Ráca
Nó gur éirigh Máirín ag déanamh a cuid "Cardeens"
Thosuigh sí ag caoineadh nó gur sgannruigh sí na daoine
Sgaipeadar na leapacha ag déanamh "Joy" do'n oidhch'An leaba abhí le h-aghaidh an lánamhain nac air déanamh an cleas grána
Briseadh a cuid ádhmaid is tolladh a cuid éadaigh
Is nac raibh aon lánamhain óg in Éirinn nac raibh sí sáthadh maith faoi,
An fuisge abhí le n-ól ann nuair a bheadh a pósadh danta
Goideadh san meadhon oidhche é; dhéanamh deor a fágadh ann
Bhí an aimsear chómh gaothmhar is nac seoladh aon "steamer"
Is go raibh súil le leath chéad gárdaí ann go gcuartócaidís an áit.Nach mór an ceist an blácach is chómh h-árd is fuair sé fóghluim
Is gur bé Tom Ó Donnchadha an Máighistear a bhí i lár na stráinséirí(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mairgéad Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Béal an Daingin, Co. Galway