School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 285
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 285
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Scéalta Greannmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fóghluim an chaoí le é fhéin a choisreacan. Nuair a cheap sé go raibh sé inann é fhéin a choisreacan chuaidh sé chuig an sagart ag iarraidh airgid. Nuair a tháinig sé chuig an sagart dubhairt sé leis é fhéin a choisreacan i mBéarla. Thosuigh sé air agus dubhairt sé:- "In the name of the father, and of the son, Níor chuimhnigh sé ar an gcuid eile agus dubhairt sé:- "And blow me Father if I know what Paddy called the other bloke." D'imthigh sé agus ní bhfuair sé tada.
- 16.
Bhí fear bocht i Sasana fadó agus é an cineál beatha a bhíodh aige le haghaidh a dhinnéir ná builín. Sé an áit a d'íosfadh sé é ná le hais droichid. Tháinig duine uasal thart lá agus bhí mada aige agus dubhairt an duine uasal leis an duine bocht i mBéarla, "Throw him a bit," Rug an duine bocht ar an madadh agus chaith sé amach san bhfairrge é agus dubhairt sé leis an duine uasal, "Now throw him another bit yourself" - 17.
Bhí fear ann fadó agus bhí cailín aimsire aige agus ní raibh aon Bhéarla aice agus bhí an fear ag iarraidh a bhéith ag múnadh Béarla dhe. Aon lá amháin chuir an fear ag díol ime í agus d'innis sé dhe cé'n méid a bhéadh sí a iarraidh ar an im. Ní raibh sí i bhfad ag imtheacht nó gur casadh fear dhí agus d'fhiafruigh sé dhi, "What(continues on next page)- Collector
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway