School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 005
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Chomhnaigh na braithrí i mainistir in aice le Cill Bhuidhe Amhnach i bhfad ó shoin.”
Padraig O h-Éanacháín - Ceathrú an Tobair, Cilleoirín, Béal Atha na Sluagh - feilméar - leath-chéád bhliadain d'aois. Gaedhealgóír eifeachtach gan amhrais. Chaith sé suim bliadanta i Sasana. Bhiodh sé ag muineadh Gaedhilge i Sasana. Tá "teistiméaracht" aige ó ó Ghaedhealgóírí i Manchiun (?). On a athair a fuair sé a chuid Gaedhilge. Seo ceann acu:-
Chomhnaigh na braithrí i mainistir in aice le Cill Bhuidhe Amhnach i bhfad o shoin. Ba gnathach leobhtha a mbróa a bhaint diobhtha gach trathnona Sathairn ionnus go nglanfadh ceann acu na bróaí i g-cóír an Domhnaigh. Cibé faill a fuair an Diabhac ar an m-brathair ghoid sé na brógaí. Ní raibh aon bhróg le fagháíl ag na braithribh maidin Domhnaigh. Ní chuirfidis in a leith gur ghoid an brathar na bróaí agus d'imthigheadar asan áit súl dá d-tuibradh siad masla den bhrathar. Nuair a bhí siad imthighthe as an áit thug an Diabhach (no Diabhal) na brógaí ar ais arít. Agus ó shoin i leith tá na foclaí so leanas le cloisteál ins an g-ceanntar
"Ní raibh ann ach na bráíthrí agus d'imthigh na brógaíD'imthigh na bráithri agus froitheamh na brógaí,"
("Froitheamh" - an focal atá ag Padraig, leabaidh "fritheadh" ach deir sé gur "froitheamh" an focal ceart. Is mó an difridheacht atá idir Gaedilge Phadraig agus Gaedhilge Tomáis Uí Bhrannin- Informant
- Padraig Ó hÉanacháin
- Gender
- Male
- Address
- Carrowntober East, Co. Galway