School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 007
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Sean saighdiúr do d'dheadh an Suibhneach agus ruaig arm Shasana as Éirinn é.”
Sean saighdiur do b'dheadh an Suibhneach agus ruaig arm Shasana as Éirinn é. Caoin a bhean é agus chum sí amhrán le cumha in a dhiaidh. Seo cuid den chaoineadh:-
"A Bhriain Mhic Suibhne mo chuig chéad slán duit
Ba dheas é lorg do bhéal 's do leagan súl:
Ba mhilse do phóg na an mil sa samhradh
As ba ghile do bhraghaid na an sneachta ó d-tuaidh.I d-teach an leanna ba tú ceann na céille
Ag deúnamh réidhtigh s dhá g-cur o cháin
Ach le cumha do dhiaidh ní bheidh mé beo.
Dá b-fhághainn-se cead seasta ar lorg do bhróg
Go d-toghfadh an brón mór 's an tuirse dhíom
Ach duitche an Ghóraid is fághainn faoi dhó í
Is go d-tuibhrainn as mo stóirin ach d-filleadh arisht[?] Le do chuiplín leath-thromach gan luath na éag-cóir
A g-cúil le cheile ar mo dhruim
Muna m-beadh Seán 's Padraig go m-buan iad i n-grásta
Is mé bheadh fánach faoi mo dheoch 's mo ghreim
Gabhfaidh mise go Sasana a teacht an earraigh
As tréigfead m'aimsir s mo chairdí gaol
As cuirfidh mé cogadh ar Rí na Frainnce
As níl agam ach amhras go bh-filleadh choidhc.Tá súil le Dia agam 's le Rí na n-Grásta
As an Mhaighdean Ghlórmhar nár pheacuigh ariamh(continues on next page)- Informant
- P. Ó hÉanacháin
- Gender
- Male
- Address
- Carrowntober East, Co. Galway