School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 013
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 013
- XML “Ceann eile ón tSeanphíobaire”
- XML “Ón tSeanphíobaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Ceann eile ón tSeanphíobaire (continued)
“IS mise Seánín Ó Seadha agus bhí mé gan chéill”
(continued from previous page)(III)Tá inghean ag Donnchadh Brúin agus bhí sí gan mhuineadh ó rugadh íSheasadh sí ag geata Átha Luain agus cuireadh an sgéal go Sasana (Curfá)
(IV)Éireóchaidh mé ar maidin a m-bárach isteach go Gleann Chochain seadh rachfas méSuidhfidh mé ímeasg na mbuachaillí óga mar sé Páidín Ó Máille an taparoo(Curfá)
(V)Tá cailín sa tír so gan bhréag is mór a ceím bheith in aice leithiDhamhsaigh sí ar Shráid Bhaile an Roba agus d'ionntuigh sí a druim le Sasana(Curfá)Ón tSeanphíobaire
“Samhradh, samhradh bainne na ngamhna ...”
O'n tSean-Phiobhaire
Samhradh, samhradh bainne na n-gamhna
Thugamar féin an samhradh linnSé mo leán geár! Is lag a bhéidhes tú a m-bárac
Thugamar féin an samhradh linnAn braithlín beag anall thar sáile shín mise siar agus fuair mé an bás ann
Thugamar féin an samhradh linnCónra airgid más sí is fearr leat
Thugamar féin an samhradh linnCónra d-trí clár a bhí a fághail agam o Mháire,
thugamar féin an samhradh linnLeath mhaide chuilinn agus leath mhaide fearna
thugamar féin an samhradh linnD'éirigh mé féin agus chaith mise an bás díom
thugamar féin an samhradh linnAgus chuaidh mé amach a bualadh báire
thugamar féin an samhradh linn Chuir mé poc báire isteach go Port Lairge
thugamar féin an samhradh linn Agus an chéad phoc eile i máilín mo mhathar
thugamar féin an samhradh linn
Nóta- Tá mé amhrasach i d-taobh na bhfocal. Bhí an leagan so go h-an choitceannta i g-Condae na Gaillimhe dhá fhichid bliadhain ó shoin