School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 016
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Cailín a baint luachra nach innti tá fonn ...”
Tá an sean amhrán so leanas i mbeúl na n-daoine ins an b-paráiste so fós. Seo brigh an sgeil - fear óg a teacht abhaile i n-gan fhios as arm Shasana. Chonnaic sé a dheirbhsiur ag obair ins an n-gort. Níor aithnigh sí a dearbhrathair. Thosuig an comhradh eatorra:-Cailín a baint luachra nach innti tá fonn
Nach deas é do leanbh a chailín deas donn
Is oth liom í is oth liom í is oth liom i fonn
Agus sugradh go maidin le cailín deas donn
Agus bail ó Dia ort-sa se dubhairt sí liom. Agus cá bhfuil do mhuinntir a chailín deas donn
Ní raibh agam ach an t-aon dearbhrathair sé dubhairt sí liomCá n-deachaidh do dhearbhrathair a chailín deas donn
Chuaidh sé go dtí an oilean se dubhairt sí liomCia an marc a bhí ar do dhearbhrathair a chailín deas donn
Ball dobhran a bhí ar a chliathan se dubhairt sí liomTá fear ar an g-cnocán a chailín deas donn
Níl cnocán gan preachán sé dubhairt sí liom. Tá canna in do láimh a chailín deas donn
Tá cleite in a sgiathán sé dubhairt sí liom.