School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 298
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dubhairt an tsean-bhean "cuckoo." Nuair a chualadar an tshean bhean 'ghá rádh, dubhairt an fear, tá sé i n-am agat dul abhaile. "Fan or[t"] adeir an buachaill agus fuair sé spala agus soir leis go dtí an crann. Leis sin dubhairt an tsean bhean aríst é "cuckoo." Chaith an buachaill an spala agus thuit an tsean bhean anuas as an gcrann.
    "Anois cé'n sórt cuaiche atá ann" adeir an buachaill. Ins an trathnóna chuaidh an buachaill síos go dtí an t-sean-dall-glic agus dubhairt sé gur mharbhuigh sé an tsean bhean is nach ndéanfadh an plean sin. Do bhí fathach mór in-a chomhnuidhe ar oileán ins an am agus é a chur amach chuige. An céad mhaidin eile thug an fear litir agus trí mucha. Ní raibh fios ag an mbuachaill céard a bhí istigh san litir acht séard a bhí istigh ann gan an buachaill seo a leigeant slán as an oileán. Bhí an buachaill ag imtheacht go dtáinig sé chomh fada le háit bog, annsin tharraing sé na cluasa agus na rubaill dóibh. Do bhí sé gar dhá bhaile féin agus thug sé na muca abhaile ag a mháthair. Annsin tháinig sé go dtí an áit a raibh na cluasa agus na rubaill, agus sháith sé síos san talamh.
    Annsin chuaidh sé ar ais go dtí an fear agus dubhairt sé go raibh na mucha báithte air. Annsin chuaidh an fear i n-einfeacht leis, agus dubhairt an buachaill leis greim a fhághailt ar an ruball, agus rug sé féin ar na cluasa. Annsin dubhairt an buachaill leis "Tarraing". Tharraing an fear agus tháinig an ruball leis agus thuit sé siar san bpuiteach. Tá sé sin sluighte adeir an buachaill. Rinne sé an rud céadna leis an bpéire eile.
    Nuair a bhí sé sin déanta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Íornáin
    Gender
    Female
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Foraí Maola, Co. Galway