School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 299

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 299

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 299
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d'iarr sé de'n bhfear an bhfuair sé locht air. Musa geibhim agus is fada mé ag fághail locht ort. "Déanfaidh sin" adeir an buachaill, iompuigh thart annseo go mbainfidh mé an dá chluais díot. Annsin chuaidh an buachaill go dtí an áit a raibh an fathach. Nuair a tháinig sé chomh fada leis an tigh. Chuaidh sé suas ar bharr crainn mhóir. Nuair a tháinig an fathach amach, dubhairt sé geibhim boladh an Éireannaigh bhradaigh. Leis sin rug ar chloich agus rinne sé gaineamh dhó.
    Chaith an fathach suas cloch mór aige. Bhí píosa geir ag an mbuachaill thíos in-a phóca agus thosuigh sé ghá leaghadh. Tar-éis tamaill tháinig an buachaill anuas (buacaill) agus thug an fathach isteach ag an tae é. Bhí bó ag gach ceann aca agus dubhairt an fathach go gcaithfeadh sé an oiread a ithe leis féin. Chuaidh an buachaill amach agus fuair sé craiceann caorach agus chuir sé thart ar féin é. Annsin tháinig sé isteach agus thosuigh sé ag ithe. Acht chuile seans dá ngeobhfadh sé chaithfeadh se píosa mór de'n caoraigh síos idir é féin agus an craiceann caorach.
    Nuair a bhí sin ithte aca d'iarr an fathach air a teacht amach ag rith. Annsin thosuigheadar ag rith agus bhí an fathach ag dul amach tar an mbuachaill. Tar-éis tamaill dubhairt an buachaill, "tabhair dom do sgian go leigfidh mé cuid dó seo amach". Thug an fathach an sgian dó agus ghearr se suas an craiceann caorach agus tháinig an fheoil amach. Rith se annsin, agus bhí sé ag dul amach tar an bhfathach. Dubhairt an fathach, "tabhair dom do sgian go leigfidh mé cuid dó seo amach." Thug an buachaill an sgian dó agus ghearr sé suas a bholg agus thuit sé marbh ar an dtalamh. Rith an buachaill
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Íornáin
    Gender
    Female
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Foraí Maola, Co. Galway