School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 371
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ag bualadh cead.
Cuireann páiste maide beag, timceall is sé orlach, síos sa talamh, agus bíonn maide fada ag na páiste agus an duine a cuireann an maide beag níos aoirde ná an duine eile deich n-uaire geobhadh sé an liathróid dó féin.
An bhfuil am fé leith dón bliadhain le caitheamh aimsire áirithe, bíonn muid ag imteacht cloch péile sa Samhradh, agus ag piocadh áirní is sméara sa bhfógmhar.
Cad iad na cluichí a imrigheann tú istigh sa tigh nó timcheall na teineadh.
Lúrabog, lárabog.
Scríobh síos aon rann nó píosa cainnte a bhíonn ar siubhal agaibh le linn an cluiche.
Lúrabog, lárabog, buidhe Uí Neill, Néill priobhán Priobhán súileach, súilidhe seicneach, Seicnidhe gcaorac, Súisdín, buistín, buille, buille peicín, má sé do leas do leath-cos deas a chrap isteach
Cad iad na cluichí a imrigheann tú sa mbaile in-aice an tighe nó i macha na scoile.
Geataí Árda, D'éanainn na páiste fáinne mór agus téigheann cailín thart ag rádh, chuaidh mé go dtí [an] margadh Dia Satharn agus cheannuigh mé cearc. agus bhí leitheid seo go coladh éadaigh uirthi, agus a léitheid seo go bróga nó rudaí mar sin, agus nuair a geobhainn siad amach an páiste ritheann sí amach is isteach na geataí go mbeireann sí uirthí.- Informant
- Dominic Ó Fáodhagáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Chéibh, Co. Galway