Scoil: Bouleenshere (C.) (uimhir rolla 12865)
- Suíomh:
- Booleenshare, Co. Kerry
- Múinteoir: Mary A. Walsh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bouleenshere (C.)
- XML Leathanach 489
- XML “Tobar na Súl”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I dtuaisceart Bhaile Uí Thaidhg, 'san áit ar a dtugtar "Gleann Dathalan", tí tobhar naomhtha, agus tá sgéal ag baint leis.
Ar thaobh cnocáin atá ann, tá sean fhothrach ar a dtugtar "séipéiliín". Deirtear go raibh clochar ann sair sa tsean aimsir. Bhí Naomh Dathalan a cur an clochar so ar bun, & sin é an fháth a bhfuil an ainm sin, "Gleann Dathalan," ar an áit anois.
Oidhche áirighthe fadó do ghluais long isteach san chuan ann, tháinig muinntir na luinge amach, & siúd leó i dtreó an chlochair, cun é d'ionsú.
Guidhe an t-abb mháthair & na mná raigalta ortha, trócaire a bheith acu ortha, & gan iad do mharbhú; ach níor chuireadar suim ar bith ortha. Thosnuig an tabb-mháthair ag guidhe cun Dé annsan, & ní túisge a dhein sí é sin na deineadh dall na foghluidhe go léir. Ghlac an naomh truigh dóibh nuair chonnaich sí an rian a bhí ortha annsan. Chuir sí iachall ortha geallamhaint a thabairt dí ná chuirfidís isteach ortha a thuille agus do ghuidh sí arís. Annsan d'orduigh sí a súile do nighe ins an tobar. Dheineadar amhlaidh &(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás de Canntalún
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Dreenagh, Co. Kerry