School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreach bhocht ann fadó agus bhí triúr inghean aici. Ní raibh aon t-slighe bheatha aca ach garraidhe beag talmhan ar a mbíodh stáca eornan gach bliain. Bhuailidís an eorna agus dheinidís arán de.
An lá fuar geimhridh seo ach go h-áirithe d'fhéach an mháthair amach agus chonnaic sí tairbhín sa gharraidhe ag ithe an staicín eórnan ortha. "Bí amuigh" ar sise leis an inghean ba shine "agus tiomáin amach é sin nó beam gan dada lé n-ithe i g-cómhair na bliana". Chuaidh sí á thiomáint ach ach ní dhein an tairbhin ach adharc a chur fé na crios agus í d'árduch leis thar na cnuic is thar na sléibhte thar na móinteán is thar na réidhe is stad ná staonadh níor dhein ar ao' chor go dtáinig sé go dtí cúirt álainn caithiseach greanta. Bhí caitín thuas sa chúinne ann agus í fé dhraoidheacht. B'í máthair an tairbh í de reir deallraimh agus fear do b'eadh an tairbhín ach draoidheacht a bheith air.
Seadh d'fiafruig sé di cioca b'feárr lei é bheith ina tharbh ist-oidhche agus na fhear is ló nó na tharbh is ló agus i n-fear ist-oidhche. Dubhairt sé go mbfearr lé é bheith na tharbh sa ló.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Ghearailt
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry