School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'imthig an tairbhín do féin lá ar na bháireach agus thug sé eocharacha gach aon t-seomra di ach aon t-seomra amháin siúd. Dubhairt sé lei gan baint lei dul annsan. Seadh d'imthig sé. Bhí sí ag slachtú an tighe is ag obair lei agus í ana ghrána agus ana bhorb leis an g-caitín a bhí cois teine.
Bhí sí chómh fiosrach ná raibh sí sásta nó go n-oscail sí an doras a bhí ar an seomra úd a choisg an tairbhín uirthe agus é ag cur de ar maidin. B'é an seomra é 'na mbíodh na daoine a mharbhuigheadh an tairbhín. Tháinig crith-cos is lámh uirthe nuair a chonnaic sí na cuirp. Thuit trí braonuidheacha fola anuas ar a cois agus ní fheadfadh sí iad a ghlanadh. Bhí sí á scriosadh is á n-glanadh ach theip uirthe na baill fola a bhaint anuas. Chuir sí bróga annsan uirthi chuin ná feiceadh an tairbhín an fhuil tráthnóna. "Dia lem anam is dócha go mbeidh mo cheann so ar an mbloc leis" ar sí mar nár dheineas rud air. Tháinig an tairbhín abhaile. Chuir sé d'iachaibh uirthe na bróga bhaint di anuas. Chonnaic sé an fhuil. Chuir sé a ceann ar an mbloc toisc nár dhein sí rud air agus chuir sé isteach i seomra na ndaoine marbh í. Tháinig an tairbhin arís lá ar na bháireach(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Ghearailt
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry