School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annsan. Bhí na maidí croise i bhfolach aige laistig de chlaidhe agus rug sé leis iad. Nuair a bhain sé amach an tig chroch sé na maidí croise anáirde ar na maidí snaidhmthe i dteannta an stáin úd agus an mála.
Tháinig lá an phósta agus do bhí na daoine muinnteartha go léir cruinnithe i gcomhair na bainise i dtig an fhir. Is ins na tighthe a postaí lanamha an uair úd. Do bhí an tig lán agus an fhleadh ullamh. D'eirig an fear 'na sheasamh. Fuair sé dréimre agus leag sé anuas an mála a bhí ar crochadh ar na maidí snaidhmhthe, agus an stán agus na maidí croise. Do tharraing sé amach gach a raibh sa mhála agus do bhuail sé ar an mbórd iad. "Seo trí chomhairle" ar seisean "a fuaireas ó m'athair agus é ag fághailt bháis - an chéad chomhairle aon rud a thabharfainn ar an aonach gan é thabhairt abhaile liom arís. Níor dheineas rud air agus d'imthig capall breagh uaim da bharr. An dara comhairle a thug sé dham arsa sé ná dul ag fiosrú mo charad sara mbeinn ró mhór 'na nganntar agus an triomhadh comhairle dul amach go binn a' tighe agus feachaint soir is siar agus gan dul thairis sin nuair a bheinn ar lorg mná. "Sin é anois", ar seisean an tabharthas a fuaireas óm'(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Mhuircheartaig
- Gender
- Female
- Address
- An Riasc, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Muircheartaig
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Riasc, Co. Kerry