Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Kerry
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 108
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rún croidhe láimh liom.
Chaith sé grainne eile as a phoca. Bhí an coileach chun é phriocadh nuair a bhuail an cearc é. "Ciach uait b'olc an ceart duit é sin a dhéanamh. An cuimhin leat an lá amuigh ag an ngeata go raibh an t-airgead bán is na leabhartha breaca againn, suidhe annso a rún croidhe láimh liom". Bhi an óig bhean ag éisteacht leis. Chaith se grainne eile chúcha. Bhí an coileach chun é a phriocadh nuair a bhuail an cearc é. "Léan go dúbhach ar scrúile d'athair duit. Thiomáin anonn go cóstaí Sasana mé. Thángasa anall ar chostaí Albain, suidhe annso a run croidhe láimh liom". Bhí an óig-bhean ag éisteach leis. D'éirigh sí as a suidheachán agus chuir sí fáilte roimh Seán Mac Gearailt agus dúbhairt si ná pósfadh sí aon fhear go deo ach é. Nuair a tháinig an Sagart pósadh inghean Uí Chíobháin agus Seán Mac Gearailt agus mhaireadar go sásta as san amach.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghairbhíghe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Ghairbhíghe
- Inscne
- Fireann