School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 138
- XML “Craosghalar”
- XML “Triuch”
- XML “Galar Cam”
- XML “Tine Dhia”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Craos-ghalar: Sin galar a thagann sa bhéal. Líonann sé suas do chluig bhána. An leigheas: gob gandal bháin do chuir isteach id bhéal trí mhaidean i ndiaidh a chéile agus tú id throscadh. Bheadh leigheas ag mac air dá mba rud é ná feacaidh sé athair riamh.
- Leigheas ar an triuch iseadh an duine go mbeadh an triuch air é chur fé bholg miúlach báin. Ní ag gach duine a bhíodh miúil bhán, agus théigheadh daoine i bhfad ó bhaile go dtí fear an mhiúil bháin.
- Sin galar a thagann ar inchinn ainmhidhthe. Clog mór a thagann ar an inchinn iseadh é.
An Leigheas:- Tarainge sé n-órlaighe a thiomáint síos tré'n inchinn. Dá ráineóiadh leo í chur sa phaiste ceart leighispí an t-ainmhídhe. - Teine Dhia:- Sin galar a thagann ar aghaidh(continues on next page)