School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 109
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí feirmeóir mór pósta i n-Oileán Chiarraighe fadó agus bhíodh cailín aimsire aige. Ní bhíodh puinn oibre lé déanamh aici. Nuair a thagadh aimsir dínnéar shuidhfidís go léir chun búird agus chromadh an cailín ar ghol. Deireadh sí :
Is truagh gan mise thiar
San áit a roinntear an biadh
Go fairsing is go fial.
Bé an sgéal céanda é aici gach lá agus bhíodh an feirmeóir bodhar aici.
Aon Sathairn amháin dúbhairt sé lé na mnaoí go raghadh sé go tigh an chailín i bhFionntrágha. Dhein sé é féin suas i gclódh bacaigh agus chuir sé feasóg bréige air. Dúbhairt sé leis an cailín go raibh sé ag dul ar aonach. Seo leis ag siúbhal nú gur bhain sé Fionntrága amach. Fuair sé eolas an tíghe ó dhuine éigean.
Nuair a chuaidh sé go dtí an geata chonnaic sé botháinín beag agus scata gabhair tímcheall air.(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Ghairbhíghe
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Luibhéadh
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Íochtarach, Co. Kerry