School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 050
- XML “Daoine Cáiliúla an Cheantair - Seán Láidir agus an Ministir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Seán Láidir dulta beagán san aois san am go raibh na ministrí fé reim i mBaile an Fhirteirig. Dhíoladh Seán bocht an cíos go féithiúnta, acht bhíodh sé beagáinín mall ag díol an deachú.
San am san dá mhárbhóchadh an feirmeóir muc do féinig, agus go gcloisfheadh an tighearna é nú an ministir bheadh an cíos árduighthe nú cor éigin tugaithe dho a bhainfheadh beagáinín den dteasbach do.
Mhairbh Seán Láidir muc do féinig i gcómhair an Earraigh, agus ní túisge bhí sí marbh aige ná gur chúalaidh an ministir é, mar nár mheasa duit an té a scéithfheadh ort an úair sin ná do chómharsa. Lé linn an tráthnóna cé bhúailfheadh chuige isteach ach an Ministir. D'fhéach sé timcheall an tighe agus chonnaic sé(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Imileá an Bhóthair, Co. Kerry
- Informant
- Séamus Ó Suilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Imileá an Bhóthair, Co. Kerry