School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 158
- XML “Máire Ní Chiostaile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bean bhocht ar an mbaile seo do b'eadh Máire Ní Chiostaille. Chuaidh sí ag baint duilise 'an Bhéadrach - Carraig mór atá amach ós na trí deifearacha. Bhí seigleán ag rith treasna ach nuair a bhíodh an taoide lán deintí oileán den Bhréadrach
Bhí Maíre ag priocadh lei agus a cheann fuithi aici agus níor thóg sí aon ceann don taoide ag líonadh. Nuair a dféuch sí timpal bhí sí ar oileán gan dul ar teacht as aici go dtrágfadh an taoide.
Chaithfeadh sí a drom do thabhairt dos na tonnta bhíodar chomh fíochmhar san, agus eagla a dóthain uirthi.
Do chualaidh sí an ceol ba bhinne dá gcualadh sí riamh, ach is dócha go raibh i n-iomad anabháth urthi chun subháilceas ná aoibhneas d'fághail ann. Chualadh sí an guth ag gabháil leis an gceol agus ag canadh mar seo:-
Muna dtaithuigheann an ceol leat
Iompuig do thón leis,(continues on next page)