School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus slinnte ag imtheacht le gaoithe. Ní leigeadh eagla do aoinne a cheann a chur thar doras. Nuair a d'eirigheadar ar maidin bhí gach aon garraidhe leimhéalta. Do séideadh ceann tíghe le muinntir Séaghdha siar dhá mhíle ó'n mbaile. Thóg sé an lá ar fad uatha a gcuid do bhailiú. Bhí na seán-daoine á rádh nár tháinig a leithéid de ghála le céad bliadhna. Pádraig Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean do é. - Seana Ceárdanna.
Tímcheall cúig mbliadhna déag ó shoin cuaidh Seán Mac Gearailt go dtráig na Muirighe ag triall ar ualach gainimhidhe. Fuair sé sathach caithte isteach ar an dtaoide agus thug sé abhaile leis é. D'osgail sé an sathach agus bhí fhios aige gur geir a bhí ann. Do cuir sé isteach san corcán cuid de agus do leigh sé é ar an dteine. Fuair sé múnla cun coinneall a dhéanamh don ngeir. Fuair sé tairghne agus ceangail sé blúire snáithín bán d'aon dtairghne agus do cuir sé treasna ar(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghríbhthín
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Mór, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Ghríbhthín
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Mór, Co. Kerry