School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar dtúis tháinig droch-bhliadhain agus mar gheall ar sin níor fhás na barraí ro mhaith, agus níor dhein na daoine iad do spáráilt mar ní raibh súil leis an olc acu agus thugadar na barraí go léir do na h-ainmhidhthe. An bhliadhain na dhiaidh sin níor fhás na barraí in aon chor agus go deimhin ní mór a bhí curtha acu mar ní raibh an síol acu. Thosnuigh na h-ainmhidhthe ag fagháil bháis agus nuair ná raibh aon rud eile ag na daoine le n-ithe chaithfidís iad san d'ithe. Bhí na daoine chómh ritthe síos san ceal bídh gurbh' amhlaidh do marbhuigheadh an fheoil iad mar bhiodh sé ro-láidir dóibh agus nuair do bhiodh an t-ocras ortha d'ithidís an iomarca di. Bhí na daoine bochta ag fagháilt bháis gach aon lá. Is minic a gheibheadh duine bás amuigh ingleann agus is amhlaidh a tugtaí as é in áirde ar chúl an dorais, agus deintí poll do agus caithtí sios ann é gan comhra gan aon rud air. Uair amháin bhí duine ag dul thar chlaidhe agus cailleadh é in áirde ar bharr an chlaidhe leis an ocras.Annsan thosnuigh na Sasanaigh a bhí go láidir insan áit an anbhruithe a thabhairt do na daoine ach iompódh go dtí an creideamh protastúnach. Níor iompuigh ach fior-bheagán dá(continues on next page)
- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry