School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí triúr bitheamhnach ann fadó, is minic abhí agus beidh go deo. Aon lá amháin chuadar ináirde ar an gcnoc agus cad do fuaireadar anáirde acht cnocán mór airgid. Chuireadar duine de's na bitheamhnaigh síos go dtí an baile mór ag triall ar arán agus nuair a fuair an garsún sios é féin do cheannuigh sé nimh chun é chur ar an arán agus annsan nuair d'íosfadh an bheirt eile an t-arán caillfí iad agus bheadh an t-ór go léir aige féin. Bhí plean déanta ag an mbeirt nuair a thiocfadh an duine eile thar n-ais go marbhóchaidís é agus go mbeadh an t-airgead acu féin. Nuair do tháinigh an fear eile ináirde do mharbhuigheadar é agus d'itheadar an t-arán acht do bhí nimh ar an arán agus cailleadh iad, agus ní raibh an t-airgead ag aoinne acu. Sin é mo sceul so, is má tá bréag ann biodh.
- Informant
- Séamus Mac Gearrailt
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry