School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó is minic a bhí agus béidh go deó, agus ní raibh sí sásta riamh gur phós sí. Ach má phós is é sin an pósadh tinn di, mar chaith a céile agus féar eile des na cómharsain dul ag tionnlacain a tsagairt a phós iad, sé sin Father Peter agus lé linn dóibh a bheith ag dul abhaile báthadh iad. Mickie Ryle do b'ainm do'n bhfear a phós sí. Nuair a chualaidh an bhean gur báthadh iad dhéin sí an t-amhrán seo leanas dóibh:Baintreabhach agus boidneas? Dhein Dia díom i dtúis m'óige
Agus ná feadar mo mhuinntir cár báthadh mo dhian-stórach
Do bhí ar an gcúigear úd a chuaidh go Cill Dara
Ag tionnlacain Father Peter is é i n-aois a dhá dhathad
Bhí mo shuil i gceann mí leat agus foroil níor chasas
'S nach mór an truagh bean 'na h-aonar agus a céile ar barr tuinne
Dá mbeinn-se amuigh san oidhche is mo lionta agam I gcóir glan
Ar m'fhocal duit a Mhicky Ryle go leigheasann do bhrónta(continues on next page)- Informant
- Peig Ní Chatháin
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Dún Chaoin, Co. Kerry