School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Móire agus Donnchadh Dí 'na gcómhnuidhe i lár na h-Éireann fadó agus bhí ceathrar duine cloinne acu, triúr mac agus aon inghean amháin. Bhídís ag troid gach aon lá sa tseachtmhain agus sa deire chaitheadar socrú éigin do dhéanamh. Seadh, shocruigheadar go bhfágfaidís a chéile agus go n-imtheochadh duine acu ó dheas agus an duine eile ó thuaidh. D'imthigh Móire ó dheas agus thug sí léithe a cuid cloinne agus nior stad sí riamh ná coidhche agus tháinig sí go Dún Caoin agus gur chuir sí fuithe i mBaile Bhiocáire agus is annsan a chómhnuigh Móire.
Aon lá amháin bhí mac Mhóire ar an gcnoc agus chonnaic sé áthrach ag teacht isteach i bhfaill mhóir agus chuaidh sé fé-n-a dhein mar cheap sé gur áthrach raice í. Chuaidh sé ar bórd uirthe agus ní raibh aoinne innte acht cat mór dubh. Nuair a fuair an cat mór dubh ar bórd é chuir sé in áirde a sheol agus d'imthigh sé leó amach chun na fairrge agus ní bhfuair Móire tásc ná tuairisg ar cár d'imthigheadar. Nior dhéin an cat aon stad gur tháinig sé go dtí tráigh mhór gainmhe mar a raibh mórán buachaillí ag imirt peile.
Tháinig sé amach as an áthrach agus stad ag féachaint(continues on next page)- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry