School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 272
  3. XML “An Ropaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó riamh tréis an chogaidh bhí ropaire in Éirinn. Chaith sé tréímhse fhada dá shaoghal in iarthar na h-Éireann. Bhí sé tréis an ruaig do chur ar cúig nó sé tighearnaí talman, agus bhí céad púnt ar a cheann dá bharr. Lá amháin dubhairt sé leis féin go bhfágfadh sé an chuid sin de'n tír is go raghadh sé go tír imigcéin. Chuir sé éadaigh tincéara air féin. Fuair sé casóg fhada agus cupla painiciní agus d'imthigh leis féin. Chuaidh sé go cahtair B' l' Cliath ag lorg oibre. Chonnaic sé a ainm féin agus míle púnt luach saothair air taobh amuigh de ghach beairric sa chathair.
    Bhuail feirmeoir leis lá, bhí sé ag lorg oirimh. D'fhiafruigh sé de'n tincéir cad a bhféadfadh sé a dhéanamh. Dubhairt sé sin go bhféadfadh sé aon nidh do dhéanamh ar an bhfeirm, agus do thóg an feirmeoir é chun an treabhadh do dhéanamh. Sé an margadh do dhein an tinceir ná go gcaithfeadh sé seomra d'fhaghailt sa tigh dó féín. Dubhairt an feirmeoir go bhfuigheadh se e agus dubhairt an tinceir ná leigfí aoinne isteach sa tseomra sin an fhaid is a bhadh sé féin sa tigh. Chuaidh sé isteach sa tseomra, agus do thóg culaith nuadh éádaigh as agus annsan bhearr sé é féin. Nuair abhí sé bearrtha agus gléasta ba dhóigh leat nárbh é an fear céádna in aon chor a bhí ann. Ar maidin lá'r na máireach thóg sé a sheisreach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    c. 65
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Gabhlán Ard, Co. Kerry