School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí triúr cailíní ann fadó agus chuir a máthair amach iad ar lorg brosna. Chuadar go dtí an cnoc agus dubhairt a máthair leó go bhfuigheadh an duine a thiubhradh an bheart is mó go bhfuigheadh sí luach saothair maith. Máirín, Eibhlín agus Róisín na h-ainmneacha a bhí ortha. Bhí an bheart ba mhó ag Máirín, an cailín ba lugha agus d'iarr an cailín ba mhó uirthi an bheart mhór do thabhairt di agus go dtiubhradh sí sin an bheart bheag di, acht diúltuigh Máirín di.
Nuair do chuadar abhaile dubhairt an mháthair go raibh an bheart ba mhó ag Máirín agus d'iarr Máirín an luach saothair uirthi. Chuir an mháthair in áirde an staighre í ag triall ar chíor, ar tuagh agus ar bloc adhmaid, agus thug Máirín anuas iad. Annsan ghlaoidh an mháthair uirthe(continues on next page)- Informant
- An tSr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Occupation
- Bean rialta
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry