Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 053

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 053

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 053
  3. XML “Na Toibreacha Beannaithe i gCinn Aird”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is chugat-sa thána ag gearán mo sgéil leat
    'S a d'iarraig mo leighis i gCúntas Dé ort"

    Beannacha Tobair Fionáin
    "Beannuighím duit a Fhíonáin Naomhta sl."

    Ní lia duine ná an módh a dtugtar an turus ach is gnáthaí go mbíonn beirt nó níos a mó i dteannta chéile á thabhairt agus seo mar is mó a tugtar é.

    1) Beannacha an tobair le chéile ós árd os cómhair an tobair amach.
    2) Chúig deichneabhair de'n gCoróin Mhuire do rádh ar a nglúinibh i leath-taoibh ó'n dtobar ar chuid des na cairrgeachaibh móra ann. Deireadh na sean-mná "Teachtaireacht an Aingil" agus paidreacha eile.
    3) Naoi mion-phúróga nó "caoigidí" do thógaint as an séiltheán ó'n dtobar, gabháilt tímcheall an tobair agus Abhé agus A Naomh Mhuire do rádh le linn gach tímcheall do thabhairt agus le linn gabháilt thar séiltheán an tobair an ghlúin do lúbadh agus leigeant do chaoigide tuiteam san uisge. Cómh luath is bíonn na caoigidí caithte bíonn deichneabhar eile den gCoróin ráidhte. Annsan deirtear an Glóire ag teacht amach ó'n dtobar go dtí'n áit na rabhthas ar na glúinibh ar dtúis.
    4) Ar na glúinibh airís deirtear deichneabhar eile ós árd - nó ós iseal más duine aonair a bhíonn ann.
    5) Nightear an aghaidh agus na lámha i séiltheán an tobair agus óltar deoch de'n uisge - leis an mbais is gnáthaí an t-uisge sin do thógaint chuig é ól. Agus cuirtear bronntanas éigin nó rud éigin mar "chómharthaidhe" isteach sa chiste atá ag gach tobar de'n dá cheann so Tobar Muire agus Tobar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge