Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dubhairt Fíonán, " Anois ó thug Dia an tabharthas so dúinn cuirim-se fé'm thearmain gach a bhfuil ó abhainn go fairrge agus ó chnuc go tráig agus gach duine a thiocfaidh fé'n thearmain san ní bhéarfaidh a namhaid go deó air agus ní lugha ná caillfear le pláig é". Thugadar buidheachas do Dhia annsan
Do tháinig an Mhaighdean Mhuire ós a gcómhair agus do mhol sí go mór a mbeannuightheacht agus a gcráibhtheacht agus nár ghluais an tríomhadh tobar amach as taobh an chnuic mar ar sheasaimh sí agus ó shoin a leith tá na trí toibreacha beannuighthe i gCinn Áird.
Tobar Muire: tugtar an turas annso ar an
1. Lá 'le Muire na gCoinneal sa Teampall .1. 2adh lá d'Fheabhra
2. Lá 'le Muire i ndiaidh lae 'le Pádraig nó lá le Muire an Aistrighthe .1. an 25adh lá de Mhárta
3. An Chéad lá 'le Muire an Fhóghmhair .1. 15adh de Lughnasa
4. lá 'le Muire Mór an Daingin .1. 8adh lá de September agus anois tugtar ar an 8adh lá de Mhí Nodlag cómh maith é
Tobar Fíonáin: tugtar an turus annso ar an 17adh lá d'Fheabhra.
Tobar Michíl: Ní mór go dtugtar turus an tobair seo in aon chor anois ach fó-dhuine des na sean-daoine ó'n mbaile nó in aice na h-áite. Ar an 29adh lá de September a tugtaí é.Deirtear beannacha an tobair mar seo
beannuighím duit a Mhaighdean Naomhtha
Mar bheannuigheann na naoimh duit
Seadh beannuighim féin duit
(nó:is na h-aingil le chéile)(leanann ar an chéad leathanach eile)