Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 061
- XML “Rum Raice”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig bairille rum le stoirm go Faill a' tSrutháin agus bairille eile go Faill a' tSiorraig. Na hÁsaig - seisear nó seachtar acu - a fuair an sathach a bhFaill a' tSrutháin agus chuireadar i bhfolach é fé chnocán mór feamnaighe. Bhíodh an fheamnach go flúirseach ann an uair sin agus ba fhuirist rud a chlúdach fé chnocán de. D'fhágadar fear ag faire an chúil-feamnaighe go dtáinig an oidhche agus annsan roinneadar é. Chuir cuid acu a leath uisge ann na dhiaidh san agus dhíoladar sa Daingean é agus ní bheadh 'ios ag aoinne an raibh uisge ann nó ná raibh. Bhí sé chómh láidir sin. Tháinig Canaill ortha agus iad á riaradh istoidhche agus toisg ná tógfadh sé cuid de'n rum chaitheadar é bhreabadh chun gan aon nidh a rádh. Nuair a bhíodh braon ólta aige na dhiaidh san deireadh sé "Ar mo mheisge nó ar mo chéile dom tá rún agam-sa." Maitiú Mór a tháinig ar an mbaile seo agus a dubhairt le Canaill go raibh an bairille tagaithe i bhFaill a tSiorraig agus é innsint do mhuinntir an baile. Bhí Canaill na aonar i mbothán beag i mbéal an Bhóthair -Cam. Ní raibh aon éileamh aige féin ar an rum agus ní raibh sé i ngalar é innsint do mhuinntir an bhaile ach chómh beag. Ní bheadh aon bhaint aige Maitiú féin leis mar chuir an dlighe toras air tamall roimhe sin i dtaobh raice. Agus ba mhaith an mhaise aige muinntir an bhaile nár innis Canaill dóibh go léir é.
Bheadh coirp ann is baoghlach agus ní mór ná raibh mar bhí. Tháinig na Coastguards ann agus nuair thástáil siad é dubhairt duine acu"Tis West Indian Rum" agus chuireadar ar fhéadadar isteach i gceaigeanna thíos ar an gcladach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Kerry