Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 062
- XML “Rum Raice”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus an méid nár chuaidh ins na ceaigeanna roinneadh ar na daoine a bhí ann é agus ar a shon go rabhadar scuithte chuige níor luig ach cuid acu leis. Bhí Diarmuid Phádraig fuar marbh, gan anam ná dé ann ba blóig leat, sínte ar bhara na h-aille nuair a chuaidh an deoch i bhfeidhm air. Bhí agus Micí Cam a bhí na chómhnuidhe annsan thoir sa Bhóthar Cam aige bun Bhóthar-a'- Chraigín ins na croití deirneacha. Cáit Óg Diarmín an chéad bhean a bhí pósta aige agus ón'n mBóthar Breac dob'eadh é féin. Bhí gaol aige le Gríbhthínig Lios Deargáin thuas. Nuair a tugadh Micí abhaile go dtí Cáit Óg agus é na mheig gan anam gan anál ach cúbhrán leis, bhí Cáit Óg ag lógóireacht agus ag bualadh bas ós a chionn. D'iompuig sí ar an gCoastguard agus a deireadh sé, " Cad a dhéanfadh má cailltear athair mo leanbh dealbh orm a dhuine uasail?" Níor thuig sise Béarla ná eisean Gaedilge ach thuig sé gur ag iarraidh cómhairle air a bhí sí. Agus deireadh sé "G. blast you I say, why don't you give him melted butter and vinegar" Níor thuig sise ó shoin cad a bhí á rádh aige, ach mar sin féin níor cailleadh Micí, chuir sé í féin na dhaidh san.
Ach d'fhan Seana Dhiarmuid theas mar ar thuit sé ar bharra na haille go dtí gur chuaidh a mhac Peaid ó dheas á iarraidh ar thuiteam na h-oidhche. Bhí sé ar a dhrom aige Peaid agus greim ar a dhá ghéig aige air . Agus a cheann siar leis mar bheadh chaora mharbh. Bhí beirt chailíní - a ingean féin ar dhuine acu agus greim ar a dhá chois acu ag coimeád na gcos ó'n dtalamh. Nuair a chuadhadar isteach abhaile sgaoil Peaid uaidh na lámha ró-thapaidh agus buaileadh ceann Dhiarmuda de phliaisg ar lic an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí