School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 062

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 062

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 062
  3. XML “Rum Raice”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus an méid nár chuaidh ins na ceaigeanna roinneadh ar na daoine a bhí ann é agus ar a shon go rabhadar scuithte chuige níor luig ach cuid acu leis. Bhí Diarmuid Phádraig fuar marbh, gan anam ná dé ann ba blóig leat, sínte ar bhara na h-aille nuair a chuaidh an deoch i bhfeidhm air. Bhí agus Micí Cam a bhí na chómhnuidhe annsan thoir sa Bhóthar Cam aige bun Bhóthar-a'- Chraigín ins na croití deirneacha. Cáit Óg Diarmín an chéad bhean a bhí pósta aige agus ón'n mBóthar Breac dob'eadh é féin. Bhí gaol aige le Gríbhthínig Lios Deargáin thuas. Nuair a tugadh Micí abhaile go dtí Cáit Óg agus é na mheig gan anam gan anál ach cúbhrán leis, bhí Cáit Óg ag lógóireacht agus ag bualadh bas ós a chionn. D'iompuig sí ar an gCoastguard agus a deireadh sé, " Cad a dhéanfadh má cailltear athair mo leanbh dealbh orm a dhuine uasail?" Níor thuig sise Béarla ná eisean Gaedilge ach thuig sé gur ag iarraidh cómhairle air a bhí sí. Agus deireadh sé "G. blast you I say, why don't you give him melted butter and vinegar" Níor thuig sise ó shoin cad a bhí á rádh aige, ach mar sin féin níor cailleadh Micí, chuir sé í féin na dhaidh san.
    Ach d'fhan Seana Dhiarmuid theas mar ar thuit sé ar bharra na haille go dtí gur chuaidh a mhac Peaid ó dheas á iarraidh ar thuiteam na h-oidhche. Bhí sé ar a dhrom aige Peaid agus greim ar a dhá ghéig aige air . Agus a cheann siar leis mar bheadh chaora mharbh. Bhí beirt chailíní - a ingean féin ar dhuine acu agus greim ar a dhá chois acu ag coimeád na gcos ó'n dtalamh. Nuair a chuadhadar isteach abhaile sgaoil Peaid uaidh na lámha ró-thapaidh agus buaileadh ceann Dhiarmuda de phliaisg ar lic an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Languages
    Irish
    English
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry