School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 097

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 097

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 097
  3. XML “Bean Feasa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí táiliúir ag obair againn sa tsean-tigh thuas lá. Tá tamall maith de bhlianta ó shoin anois ann. Ghaibh bean siubhail isteach agus ní fada bhí sí istig nuair a thosnuig sí ar an seanabhean mar gheall ar rudaí bhí á dhéanamh aice nár ceart di. An uair sin nuair a bhíodh na mná ag déanamh Steaimpí seadh deinidís an stairs agus chuiridís i dtaisge annsan é go mbíodh gnó dho. Dhírig an bean-siúbhail uirthe i dtaobh stairs ins na cupáin go léir nách mór ar an ndrosar rud nár cheart, gur chórtha go mór iad dh'fholamhú agus gan "daoine" eile bheith cráidhte aice féin agus a cuid stairse.
    Le na linn sin dhein an táiliúir casachtach. D'iompuig sí air sin agus dubhairt gur chasachtach dhúthchais a bhí aige agus ná déanfadh sí aon díoghbháil go deó dhó. Nuair a chuaidh gaoth-an-fhocail tímcheall agus nuair a braitheadh an spórt bhí na cómharsain ag bailiú isteach go mór na mná. Agus tar éis tamaill dhéin duine des na mná casachtach. "Tá casachtach ortsa leis," ar sise "Agus b'fhearra dhuit feuchaint chuige in am agus ní fada uait an leigheas - luibh-na-coise-duibhe (is dóig lem' mháthair gur b'é raithneach na coise duibhe a bhíonn ag fás ar sheana fhallaí, a bhí á rádh aice). Chuir bean eile casachtach bheag aiste má seadh d'iompuig an bhean siúbhail uirthe agus dubhairt ná raibh leigheas na lusar ann a dhéanfadh aon mhaitheas di, ach gur sheana- phlaincéad stracaithe a bhí uirthe ar an leabaidh agus í ag spáráil an chinn nuadh agus gur mhithid di an seana-cheann stracaithe do caitheamh uaithe.
    D'iompuigh sí ar an sean bhean airís agus a dubhairt "Á muise is maith mar a dubhraís é an tráthnóna úd a doirteadh an leamhnach aige béal-doiris tigh-na-mbó," Agus is mó sgórnach tirim a bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish