Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus feuch mar dh'imigh ar athair Greig annso thuas. Bhí tigh beag díreach ar Chrosaire na Marbh lastíos de fhalla an teampaill. Bhí an fhotharach ann nuair a bhínn-se ag dul ar sgoil agus is minic a d'fhanas 'ge binn a' tighe ann sa bhfoithin ó chith. Nuair a cailleadh seana Dhomhnall Ó Séaghdha a bhíodh ann bhí a chlann sgaipighthe. Ingean do dob'eadh Máire Ní Shéaghdha - Máire an Lanntáin - a bhí pósta aig Evans ar an Lanntán in Áth-an-Charbaill thoir. Ach leag Jack an seana bhothán agus thóg sé claidhe lastíos soir do agus thóg sé isteach an buaile a bhí ann. Bhí cnapóg mhór las-tuas de'n mbothán agus raob sé síos isteach sa bhuaile é sin síos go claidhe an bhóthair. Chuir sé síol féir annsan ann agus nuair a bhí sé a dhéanamh gaibh seana Mháire Stiabhna an tslighe agus dhírig sí ar Jack. Bhíodh sí ana mhór i gcoinne a leithéid d'obair. Is amhlaidh a chrom Jack ag magadh fúithe. "Lean den dteórain a bhí aig d'sínnsear rómhat, ná bailibh (bailig) an saoghal go léir chugat féin mar ní duit a bhí sé ceapuighthe." ar sise agus d'imig sí léi. Nuair a dh'fhás an féar bhí bara breágh air agus gach aoinne ghaibheadh an treó bhíodh Jack ag gáiridhe agus ag innsint dóibh cad a dubhairt Máire Stiabhna agus bhaineadh sé sult ar fad as. Níor bhain sé riamh an féar. Chaill sé láithreach agus bhí sé trí seachtmhaine ar a leabaid sar ar cailleadh é. Níor cuireadh riamh ó shoin an paiste ach aon uair amháin a cuireadh prátaí ann agus ní fhéadfadh duine ná ainmhidhe iad a dh'ithe. Tá an paiste ceannuighthe ag an Board of Health anois chun an reilg dh'fhairsingiú(leanann ar an chéad leathanach eile)