School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
![The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 234](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_234.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 234
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go raibh sé chómh fada san ódheas gur chuir an fhairrge stop leis.
Chuaigh sé ag obair annsan go feirmeóir a bhí ana shaidhbhir.
Ní raibh aon chlann ag an bhfeirmeóir sin, ach aon ingean amháin.
Chuaidh an t-iascaire síos a triall ar an taoide lá, agus do leath a dhá shúil air, nuair a thug sé fé ndeara an t-iasc go léir de gach aon t-saghas ag teacht isteach ar an dtráig agus é 'na bheathaidh.
Is amhlaidh a bhí an tír sin go léir fé dhraoidheacht, idir iasc, éanlaithe daoine, 's ainmhidhthe.
Tháinig sé abhaile agus d'innis sé scéal 'an éisc dá mháighistir.
"Dá mbeadh capall 's cairt agam"
ar seisean, "Dhéanfainn níos mó airgid de'n iasc san ná a bhfuil de thuarastal agam uait-se."
"Ná bíodh san le rádh 'gat," arsa an máighistir, "gheobhair capall 's cairt uaim-se, má's dóigh leat go ndéanfaidh tú níos feárr ná bheith a' tuilleamh do thuarasthail uaim-se."
Chómh maith do fuair, agus lá ar na(continues on next page)- Collector
- Peig Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Pádruig O' Mórdha
- Gender
- Male