School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)corp.Le h-imtheacht na h-aimisire, bhíodh súil ag daoine le na teacht, Oidhche Nodlaig i gcomhnaidhe, agus aon Oidche Nodlaig amháin seo le beirt ón Mullach go Clochán a d'iarraidh cúpla buidéal biotáille, chun a misneach do neartú nuair a theasbáinfeadh sí í féin, agus chun go raghaidis i gcomhangar an locha chun í tabhairt fé ndeara go maith. D'óladar a ndóthain i gClochán 's seo leótha abhaile 's cúpla buideal aca i gcóir na h-oidhche na bpócaibh.Chuadar isteach fé thor fraoigh ag bruach an locha, agus siar tar druim na h-oidhche do lás an talamh na dtímpeall, agus ar sleasaibh na gcnoc ó'n "nGéarrán Ceóil" go "Bínn ó's Gaoith" d'féadfaidís na caoire 's na gabhair do chómhaireamh nách mór. D'fhéachadar amach ar an loch, agus chonnacadar annsan an phiast i bhfuirm an "Carabuncail" ar bhárr an locha. Do dhein sí í féin do chrothadh trí h-uaire i ndiadh a chéile, agus gach uair(continues on next page)
- Collector
- S. Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Informant
- Seamus Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- 85