School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tighe móir amach, do stad sé. 'S dúbhairt sé leis preabadh anuas.
Do dhein sé amhlaidh, is do thúirling sé féin annsan, is thug sé leis é isteach an tig 's dúbhairt sé leis suidhe. Bhí bórd fada leathan leaguighthe amach annsan agus gach aon t-saghas bídh ar an mbórd san. Dúbhairt sé leis é féin a sásamh ag an mbórd.
Nuair a bhí a dhóthain ithte aige, thairrig sé siar ó'n mbórd 's bhí se a' féachaint tímpeall ar féin. Ba ghearr gur tháinig seanduine isteach 's shuidh sé sa chúinne 's cos thar a ghluin' aige.
Thug sé fé ndeara go raibh an seanduine ag feuchaint go géar ar ineall beag éicint mar uaireadóir a bhí ag bun an bhúird mhóir.
D'eirig sé féin agus seo leis fé dhéin an bhréugáin mar shaoil sé, agus díreach agus é ag cur a láimhe anuas air chun breith air, do chuir seanduine an chúinne béic as a chloisfaí míle ó bhaile(continues on next page)- Collector
- S. Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- S. d'h Órda
- Age
- 60