School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 868
- XML “Na Prátaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhítear ag cur na prátaí annso deintear an t-aóileach a leathadh ar fúid na páirce ar dtúis. Deintear an talamh do threabhadh na iomaraí. Bíonn ceithre fóíd ins gac iomaire. Géartear na prátaí síól annsan. Ba cheart súil a bheith ins gach sciolán. Annsan téígheann beirt nó triúr agus máílín sáithte ar gach duine aca. Is san máílín sáithte a coiméadhtar na sgiolláin nuair a bítear á gcur. Bíónn trí sgiolláin ar leitheadh gach iomaire. Le ráinn a cuirtear na prátaí síol. Sáithtear an rann sios ar an iomaire agus deintear poll in a caithtear an sgiolán. Dúntar na póíll annsan. Taréis coigcíse cuirtear feamnach ar na iomaraí nó aoileach bréagach agus cuirtear cré anuas ortha. Nuair a bhíonn na gais fásta suas deintear iad do spréaíl le chloc-gorm agus sóíd nídheacháin. Fadó nuair a tháinig na prátaí go h-Éirinn ní raibh fhios ag na daoine in-aon cor idtaobh iad do spréaíl agus thagadh an dubh ar na prátaí. Coiméádann an feamnac dhubh an caoch ruadh uatha.
Maitias Ua Dúbhda
Baile na Leacan- Collector
- Maitias Ua Dúbhda
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry