Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 818

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 818

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 818
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) Bhí fear in Doire na Muice gur ab ainm dó Padruig Ó Concúbhair. Deirtear gur léim sé timcheall fiche troigh agus deirtear gur léim sé claidhe go raibh sé naoi troigh ar aóirde.

    2) Bhí bean imBrandáin gurbh ainm di Maire Ní Néill agus do chuir sí mala mór mine suas ar capall len a dhá láimh.

    3) Bhí fear i Cluainsearrach gurbh ainm dó Máirtín Ó Dúbhda agus do shiubhal sé uisge na fairrge agus naomhóg agus fear ar a dhrom.

    4) Bhí fear i Brandán gurbh ainm dó Padruig Ó Súilleabháin. Cuaidh sé go dtí Tráíghlí lá le mála eisg ar a dhrom agus cuaidh capaill agus cairt ann leis le íasg. Shiubhal Pádraig Ó Súilleabháin go dtí Tráighlí agus abhaile araís agus bhí sé age baile roimh na capaill.

    Siobhán Ní Mhurchadha
    Doire na Muice
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Clochán, Co. Kerry