School: Cromán (B.) (roll number 12820)

Location:
Cromane, Co. Kerry
Teacher:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 046

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 046

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromán (B.)
  2. XML Page 046
  3. XML “Buachaill a Phós”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí eagla ortha go naineóchfaí iad i
    Lios Tuathail agus sgéal bréagh mór ab'eadh é agus d'fagadar an sráid sin agus bhaineadar amach Sraid Corcaighe.
    Bhí an pósadh ag dul ó bhéal go béal agus gac aoinne ag innsint an scéal dá cheile.
    Bhí sort naire ag teacht ar an bhfear agus churdaig sé na daoine múintire go léir féach an raibh sí ag aoinne aca.
    Ní raibh agus is é a dhein annsan ná dul go tíg an sagart a phós é agus d'innis sé an sgéal dó, gur imthig a bhean le seetheart a bhí aici agus go raibh gach aoinne ag gáiridhe fé.
    Córlaig an sagart é imtheacht agus má mbualeadh sí leis, fhiarruighe uithi an dtiocfadh sí leis abhaile agus dúbhairt sí go dtiochfadh.
    Sé an áit a bhuail sí leis na i Sráid Corcaighe agus thóg sé leis abhaile í.
    Ní raibh focal mar seo na mar súid ach mhaireadar go síoch grádhach le cois a cheile.
    Bhíodar ag cur díobh na h-ainseara ó bhlian go blian agus ó lá go lá.
    Níor stadadar ó ghrann na h-oidhche go raibh deich gcinn paisdí aca.
    Do mhair gac aoinne aca agus bhí seisear buachaillí, agus ceathrar cailíní ann.
    Ritheadar go léir sláinteamhail agus bhíodar féin ag beathúighadh a chéile.
    Bhídis in aimsear agus ag tulladh airgid ins gach tslighe, agus a bfearr ná san, bhíodar ana ciallmhar.
    Bhí móráil ar an lánmhe aosta agus bhí saoghal maith aca.
    Muiris Ó Gríbhthín,
    Glaise, VII Rang.
    ó Pádraig Ó Rathaille,
    Glaise, 70 bl.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
    Language
    Irish
    Collector
    Muiris O Gríbhthín
    Gender
    Male
    Address
    Cromane Upper, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig O Rathaille
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cromane Upper, Co. Kerry