Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- Curry, Co. Sligo
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0601
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon lá amháin bhí ár slánathóir agus beirt deisciobal leis ag suibhail ar bhruach fairrge agus chonnaic (chídheann) siad árthach sa chuan agus bhí an t-árthach ’á h-iompódh agus bád ós a cómhair amach. Do labhair ceann do sna deisciobail agus dubhairt sé: “A Mháistir”, ar sisean, “nach mór a’truagh an t-árthach san a bhádh agus gan aon chúis uirthí.” “Tá sí sin báithte mar aoine ’mháin,” arsan Slánathóir. D’imthigheadar orthu. Do bhíodar ag suibhál leó ar feadh tamaill agus do bhuail cuasnóg bheach leo. “Tóg í sin,” arsan Slánathóir leis an bhfear a labhair, “agus beir leat id do láimh í . agus ná mairbh aon cheann acu agus ná leig uait iad.” Fé cheann tamaill do chuir ceann de’s na bheachaibh cealg sa deisciobal agus do (chuir) bhrúigh sé na beacha agus níor fhág sé aon cheann na mbeachaidh aca. “Cá bhfuil na beacha,” adubhairt an Slánathóir, “a bhí agat?”. “Ó tá siad marbh agam,” ar seisean. “Mharbhuighis iad agus tubhairt leat(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Gallcobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pattín Peyton
- Inscne
- Baineann