Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- Curry, Co. Sligo
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0621
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá colceathair agam féin agus Mata an t-ainm atá air. Is spóirtín é agus ní raibh rásaí ná cruinniú ins an gceanntar ina gcómhnuigheann sé le fiche blian nach raibh Mata bun agus barr de. ’Sé an áit a chómhnuigheann sé innte ná i gCnoc
na Spollagadán. Ar chuma ar bith tá Mata pósta le mnaoi geanamhail agus Peigí is ainm dí.Timcheall ráithe ó shoin bhí Mata ag an margadh i mbaile Cathail agus tháinig sé ina cheann go gceannóchaidh sé bríste nua le h-aghaidh na rásaí i dTobar a’Coire. Rinne sé amhlaidh agus chuir sé i n-umhail do siopadóir céard a bhí uaidh agus thógh sé ceann feileamhnach mar a cheap sé agus thug punt air. Nuaira tháinig sé abhaile sa tráthnóna ní raibh sé sásta go gcuirfeadh sé an bríste nua air ach! mo chreach is mo chrádh bhí an bríste ag sguabadh an t-urlár agus gan méid a méara a chos le feiceál. Bhí na pócaí síos ag na glúin.D’fhiafruigh sé de Pheigí a mbeadh sise i ndon trí órlaidhe a bhaint de’n mbun ach m’anam ach ní raibh am aici. Bhí drifúr
do Pheigí ara laethe saoire sa tigh agus cheap Mata bocht go ndéanfaidh sise an obair do ach gídh nach raibh sí mór gránna na beag deas bhí sí mór le rá dár léithe féin ach ní raibh aon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ealbháird
- Inscne
- Baineann