School: Castlerock N.S. (roll number 13242)
- Location:
- Drummartin, Co. Sligo
- Teacher: Frank Haran
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Castlerock N.S.
- XML Page 020
- XML “An Díomasach Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá áit thiar i Leitir Brón ar a dtugtar Leabaidh Thomáis Bhuidhe. Glaoidheadh an t-ainm sin air mar a d'áitreabh fear cáileamhail ann ar a tugadh Tomás Buidhe mar leas-ainm. Díomasach ab eadh a ainm ceart. Gan amhras ba fear láidir é ach níorbh cáil mhaith a bhí air ach cáil na gadaidheachta. Maidin amháin agus an ghrian ag lonnradh ar 'chuile rud a rinne Dia sháith Tomás a lámh in a phóca agus thug an cosán dhó féin síos chuig an mbóthar. Ar shroisint an bhóthair dhó chonnaic sé fear ag dul 'un an aonaigh le dhá mhuic a raibh dhá chéád meadhchain ins gach ceann.
"Tá muicfheóil ag teastáil uaim" ars an gadaidhe leis fhéin. Leis sin shiubhail sé i dtreó na cairte agus ar seisean leis an bhfear "stop". Gan focal eile a rádh siúd leis an Díomasach suas chuig an gcairt. Cúpla noiméad in a dhiaidh sin d'fheicfeá é ag dul suas an cnoc leis an muic agus an fear eile ar an mbóthar gan mhuc nó a luach. Lá eile bhí fear ag teacht ó mhuileann le dhá shac mine. Ní dhearna an Díomasach ach sac amháin a árdughadh ar a(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Mearáin
- Gender
- Male
- Address
- Oughaval, Co. Sligo