School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéalta fá Eoghan Ruadh ó SúilleabháinBhuail Eóghan Ruadh le sagart lá – sagart le gruaig ruaidh a bhí ann agus bhí sé bacach. Bhí gunna ag Eoghan Ruadh mar bhí sé ag fobhailéaracht. “Dheire ar bhuail aon nidh leis an bhfíagaidhe ó mhaidin?” arsan sagart leis. “Níor bhuail” arsa é sin “acht madra ruadh mór. Bhí sé bacach agus níorbh ‘fiú liom caitheamh leis.” “Ó tuigin” arsan sagart. “Má thuigeann tú” arsa Eóghan Ruadh” ní beag duit san. Bhí sagart ag dul ar glaodhach ola chun duine a bhí ag fághail bháis. Ní raibh aon droichead thar abhainn agus bhí ar an sagart dul treasna. “Tabhair thar abhainn mé a Eoghain” arsan sagart. “Tabharfaidh mé” arsa Eoghain. Chuir sé an sagart ar a dhroim agus nuair a bhí sé istig i lár na h-abhann thosnuigh sé á’ luasgadh ó thaobh go taobh ag tuitim mar dheadh. “Tá an diabhal fén ort, a Eoghan” arsan sagart. “Má tá” ar seisean “is gairid a bheidh” agus do chaith sé an sagart i lár na h-abhann.Ainm an duine ó’n a bhfuaireas é seo:-
Seán Ua Muircheartaigh
Tig na mBocht, Cill Áirne
Chaith sé a h-óige i nGleann Cártaigh- Informant
- Seán Ua Muircheartaig
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry