School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Droichead na GairfionnaigheTá droichead na Gairfionnaighe tímcheall dhá mhíle ar a dtaobh seo de’n Daingean. Tógadh é le cloich tirim, gan aon rián moirtéil, ceithre céad blíain ó shoin. Nuair a bhíodar ag buildeáil an droichid bhí an sagart ó’s cionn na bhfear mar aon stíobhard. Chonnnaic sé ag teacht é, píora agus capall iallaite fé. Do rith an sagart isteach i dtor aitinn gabhlaig. D’fhiafruigh an píora de’s na fearaibh cad a bhí ‘ghá dhéanamh aca. Dubhradar leis go rabhadar ag buildeáil an droichid. Dubhairt sé leó nárbh aon chabhair dóibh é mar go leagfadh sé féin tráthnóna arís é.
“Cad dubhairt sé libh a fheara” ars’an an sagart leó. Dubhairt sé a Athair nárbh aon chabair dúinn a bheith á’ buildeáil mar go leagfadh sé féin i gcóir na h-oidhche .” “Ar dhubhairt sé go dtiocfaidh sé “le congnamh Dé?” ars’an sagart. “Níor dubhairt sé aon nídh mar gheall ar “congnamh Dé” arsa na fir leis. “Is minic a d’imthigh agus ná fillfeadh” ars’an sagart.
An tráthnóna san, bhí sé ag teacht agus capall breágh glas aige, agus bhí tráigh bheag ann agus bhí sé líonnta isteach. Taidhsigheadh dó ná(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ua Muircheartaig
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Killarney, Co. Kerry