School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-SgéulBhí baintreach fad ó shoin ann agus bhí beirt mhac aici. Dubhairt duine acu lá le’n a mháthair go raibh in am aige féinig bheith ag bailiú leis ag pléidheá a fortúin dó féinig. Dubhairt sé leis imtheacht. Dubhairt sé léi go imtheochadh sé ná fanfadh sé aon lá eile sa bhaile. “Déanfaidh mé dá bhulóig” ar sise le’na mhac. Lár na mháireach nuaiar d’eirigh sé tháinig a mháthair chuige. “Ciaca ‘s fearr leat an bhulóg beag agus mo mhíle beannacht nó an bhulóg mhór agus mo mhíle mallacht?” ar sise. “Bheil a máthair, tógfaidh mé bhulóg beag agus do bheannacht” ar seisean. “Tá go maith” ar sise. Thug sí póca mhór do ‘indiarubber’ cur ar bhulóg do chur isteach ann. “Déanfaidh blúire páipéir an gnó chomh maith” ar seisean. “Ní dhéanfaidh,” arsan bhaintreach, “beir leat é sin.” “Déanfaidh mé rud ort,” ar sise. Bhuail sé chuige í an bhulóg agus chuir sé cun bhóthair an céad áit gur bhuail sé leis ná isteach i gcoill. Bhí sé sé míle ar fhaid agus deich míle ar leitheadh agus an céad rud a bhuail leis (bhí caint an uair úd ag ná h-aimhidtibh) ná gabhar agus caoire. “Cad tá uait,” ar sé sin leis an ngabhar. “Deoch fíona.” arsa an gabhar. “Cá bhfaighfainn-se fíon duit anois?” arsa é sin, “mara bhfagfair, bailigh leat.”
“Cad dúbhairt an gabhar leat.” ars an caoire.(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Killarney, Co. Kerry